An bhfuil sé éagórach?
Conas cleachtas tráchtála éagórach a aithint
An scéal a bheidh idir camáin go mór ag tomhaltóirí ná: "Conas is féidir liom cleachtas tráchtála éagórach a aithint?"
- An Dúliosta: cleachtais a gcuirtear cosc orthu I GCÓNAÍ
- Míchomhairle a chur ar thomhaltóirí mar gheall ar fhaisnéis bhréige
- Míchomhairle a chur ar thomhaltóirí mar gheall ar fhaisnéis a fhágáil ar lár
- Margaíocht ionsaitheach
- Cásanna eile
An Dúliosta:
Cleachtais a gcuirtear cosc orthu I GCÓNAÍ
Go hádhúil, déanann an Treoir ar Chleachtais Tráchtála Éagóracha an freagra ar an gceist seo a shimpliú. I dtús báire, cuirtear cosc i gcónaí faoin Treoir ar chleachtais áirithe tráchtála. Lena chinntiú go bhfuil faisnéis shoiléir ag trádálaithe, ag daoine gairmiúla margaíochta agus ag custaiméirí faoina gcuirtear cosc air, dréachtaíodh Dúliosta de 31 cleachtas éagórach. Tá feidhm ag an liosta seo i 28 Ballstát an AE.
Íoslódáil an bróisiúr iomlán UCP
i bhformáid PDF.
Dlíthiúlacht chleachtas tráchtála a chinneadh
Is féidir dlíthiúlacht cleachtas tráchtála nach bhfuil cosc iomlán curtha air a mheas ach meastóireacht a dhéanamh air ó thaobh critéar sonrach dlíthiúil de. Déantar cur síos mionsonraithe sa Treoir ar dhá phríomhchatagóir de chleachtais tráchtála éagóracha - "cleachtais mhíthreoracha" agus "cleachtais ionsaitheacha". Cumhdaíonn na forálacha sin mórchuid na gcleachtas a mheasfaí a bheith éagórach.
Tástáil an ghnáththomhaltóra
Déantar cothroime agus míchothroime chleachtas tráchtála a mheas ansin i gcoinne thagarmharc an "gnáththomhaltóir". De réir Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa, tá an gnáththomhaltóir "comhallach agus faichilleach agus curtha ar an eolas go réasúnta maith", agus tosca sóisialta, cultúrtha agus teangacha á gcur san áireamh. Má dhéantar cleachtas tráchtála a dhíriú ar ghrúpa áirithe tomhaltóirí (ar nós chatagóirí leochaileacha tomhaltóirí), is é an tagarmharc ná gnáthbhall an ghrúpa sin.