Cabhair a fháil
"Cé is féidir cabhrú liom má shílim go ndearnadh caimiléireacht orm?"
Fuair Maria, atá ina cónaí sa Phortaingéil, litir sa phost inar fógraíodh cosmaidí nádúrtha plandabhunaithe agus scríobh sí ar ais chuig an seoltóir. Maíodh sa litir go mbainfí na roic go léir dá haghaidh dá n-úsáidfeadh sí an táirge sciomartha salainn 'Dead Sea Salt Rub' ar feadh coicíse. Mhaígh an chuideachta Fhrancach go ndearna saotharlann Fhrancach, a raibh ainm oifigiúil uirthi, an fhoirmle rúnda a thástáil agus a fhormheas. D'ordaigh Maria an táirge ach tar éis úsáid a bhaint as ar feadh ceithre seachtaine, bhí an méid céanna roic aici is a bhí aici cheana. Thuig Maria ansin gur cuireadh míchomhairle uirthi agus chuaigh sí ar an Idirlíon agus fuair sí amach nach raibh ann don saotharlann Fhrancach. Rinne sí iarracht glaoch a chur ar an gcuideachta chun a cuid airgid a fháil ar ais ach níor fhreagair aon duine a cuid glaonna gutháin ná a cuid ríomhphost.
Faoi dheireadh, de bharr frustrachais, rinne Maria teagmháil leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí (LET) sa Phortaingéil. Rinne LET na Portaingéile teagmháil le hoifig Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí sa Fhrainc, agus bhí sise in ann dul díreach chuig an trádálaí agus an cleachtas a thuairisciú d'údarás na Fraince atá i gceannas ar chosaint tomhaltóirí. Gearradh fíneáil ar an trádálaí agus cuireadh d'oibleagáid air stop a chur lena fhógraí míthreoracha.
Díospóid a réiteach
Má shíleann tú go ndearnadh cleachtas tráchtála éagórach a imirt ort, ná bíodh éadóchas ort! Tá roinnt roghanna ar fáil chun comhairle nó cabhair a fháil.
Céim 1
Comhairle a lorg
Is í an chéad chéim ná do ghearán a bhailíochtú de réir an dlí agus a dheimhniú go ndearnadh cleachtas tráchtála éagórach a imirt ort. Is fearr teagmháil a dhéanamh le do chomhlachas náisiúnta tomhaltóirí nó le lárionad comhairle Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí chun comhairle a fháil.
1. De ghnáth, bíonn eolas ag comhlachais náisiúnta tomhaltóirí i do thír féin ar na trádálaithe bradacha atá ag obair i do cheantar/thír. Is féidir leo comhairle a thabhairt duit faoi fhadhbanna intíre.
Tá na heagraíochtaí náisiúnta tomhaltóirí le fáil anseo
2. Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí
Cabhraíonn an líonra seo de lárionaid chomhairle do thomhaltóirí le tomhaltóirí i gcás díospóidí tras-teorann amháin. Bunaíodh i mí Eanáir 2005 é ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhar leis na húdaráis áitiúla. Tugann na lárionaid faisnéis agus tugann siad comhairle agus cúnamh do thomhaltóirí maidir lena ngearáin agus le díospóidí a réiteach.
Tuilleadh faisnéise: Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí
Céim 2
Gearán a chomhdú
3. Má dheimhníonn do chomhlachas tomhaltóirí nó lárionad comhairle Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí go bhfuil sé cuí gearán a chomhdú, tá nasc thíos chuig liosta na n-údarás inniúil. Tá na húdaráis náisiúnta um chosaint tomhaltóirí i dteideal cinneadh a dhéanamh maidir le gearáin nó tús a chur le himeachtaí cuí dlíthiúla. Bunaithe ar do chuid dlíthe náisiúnta, is féidir leis na húdaráis seo nó leis na cúirteanna a ordú go gcuirfí deireadh leis na cleachtais tráchtála éagóracha.
Tuilleadh faisnéise: Comhlachais náisiúnta tomhaltóirí (cliceáil ar bhratach na tíre)
Naisc úsáideacha:
- Leathanach baile Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí:
http://ec.europa.eu/consumers/redress_cons/index_en.htm - Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí. Bain úsáid as an léarscáil idirghníomhach chun do lárionad comhairle áitiúil a aimsiú:
http://ec.europa.eu/consumers/redress_cons/webcenters_en.htm - Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí. Íoslódáil liosta de na lárionaid chomhairle go léir san Eoraip:
http://ec.europa.eu/consumers/redress_cons/docs/ecc_network_centers.pdf - Faisnéis mar aon le liosta de na heagraíochtaí tomhaltóirí náisiúnta agus Eorpacha:
http://ec.europa.eu/consumers/empowerment/cons_networks_en.htm - Fadhbanna eile leis an gcumarsáid nó leis an bhfógraíocht thráchtála?:
http://www.easa-alliance.org/about_easa/en/easa_members.html