Cosán nascleanúna

Baile

An Dúliosta: cleachtais tráchtála choiscthe

Cuirtear cosc I GCÓNAÍ ar chleachtais tráchtála áirithe ar fud na hEorpa faoin Treoir ar Chleachtais Tráchtála Éagóracha. I bhfocail eile, meastar go bhfuil na cleachtais tráchtála seo éagórach i ngachcás. Ní gá measúnú a dhéanamh ar gach cás ó thaobh fhorálacha eile na Treorach de.

Lena chinntiú go bhfuil a fhios i gceart ag trádálaithe, ag daoine gairmiúla margaíochta agus ag tomhaltóirí cad iad na cleachtais a gcuirtear cosc orthu, dréachtaíodh Dúliosta de 31 cleachtas éagórach.

  

Brú mothúchánach

A chur in iúl go soiléir don tomhaltóir go mbeidh post nó slí bheatha an trádálaí i mbaol mura gceannóidh sé/sí an táirge nó an tseirbhís.

More...

 

Táirgí a fhógairt atá neamh-indíolta de réir an dlí

Ráiteas a dhéanamh nó a thabhairt le tuiscint gur féidir táirge a dhíol de réir an dlí nuair nach é sin an cás.

More...

 

Trádálaí a dhéanann maíomh bréige go bhfuil Comharthaí agus cóid iontaoibhe aige nó aici

  • Trádálaí a dhéanann maíomh gur sínitheoir chód iompair é/í nuair nach é sin an cás.
  • Trádálaí a thaispeánann comhartha iontaoibhe, comhartha cáilíochta nó comhartha comhionann nuair nach bhfuil údarú aige/aici i gcomhair na comharthaí iontaoibhe sin.

More...

 

Trádálaithe a Mheallann tomhaltóirí le táirge amháin agus a Aistríonn chuig táirge eile a chur chun cinn ina dhiaidh sin

Trádálaithe a úsáideann táirge nó tairiscint amháin chun an tomhaltóir a mhealladh le smaoineamh ar cheannachán a dhéanamh agus a aistríonn ansin chuig táirge eile a chur chun cinn. Trádálaithe sa chomhthéacs sin:

a) a dhiúltaíonn don mhír fhógartha a thaispeáint do thomhaltóirí;

b) a dhiúltaíonn d'orduithe a ghlacadh ina leith nó don mhír a sheachadadh laistigh de thréimhse réasúnta; nó

c) a thaispeánann sampla lochtach den mhír agus é de rún acu táirge éigin eile a chur chun cinn.

 

More...

 

Páistí a spreagadh go díreach: "Ar aghaidh leat, ceannaigh an leabhar!"

Spreagadh díreach chuig páistí a chur i bhfógra chun táirgí a fhógraítear a cheannach nó áitiú ar a dtuismitheoirí nó ar dhaoine fásta eile na táirgí a fhógraítear a cheannach dóibh. 

More...

 

Seirbhís Iardhíola: "Ráthaíochtaí ar fud na hEorpa"

An bhréagthuairim a spreagadh go gcuirtear seirbhís iardhíola maidir le táirge ar fáil i mBallstát seachas an Ballstát ina ndíoltar an táirge.

More...

 

Trádálaí a ligeann air nó uirthi gur tomhaltóir é nó í

Maíomh bréige a dhéanamh nó míchomhairle a chur ar an tomhaltóir nach bhfuil an trádálaí ag gníomhú chun críocha a bhaineann le trádáil, le gnó, le ceird nó le gairm an trádálaí, nó trádálaí a chuireann é/í féin i láthair mar thomhaltóir.

More...

 

Fógraíocht mhealltach: M.sh. “Deireadh le léas! Caithfear an stoc ar fad a dhíol!”

Éileamh a dhéanamh go bhfuil an trádálaí ar tí deireadh a chur le trádáil nó bogadh go háitreabh nua nuair nach é sin an cás.

More...

 

Fógraí: “Teachtaireachtaí contrártha / leataobhacha”

Fógraíocht i 'stíl fianaise' a dhéanamh sna meáin chun táirge a chur chun cinn i gcás gur íoc an trádálaí as an gcur chun cinn agus nach ndeirtear é sin go soiléir.

More...

 

Seirbhís iardhíola i dteanga eile: m.sh. margaíocht as Béarla, seirbhísí iardhíola as Sualainnis

Trádálaí a ghlacann air/uirthi féin seirbhís iardhíola a sholáthar, ach nach n-insíonn don tomhaltóir, go dtí go gcuirtear an t-idirbheart i gcrích, go gcuirfear an tseirbhís seo ar fáil i dteanga eile seachas an teanga a úsáideadh go dtí seo ina gcumarsáid.

More...

 

Úsáid bhréige a bhaint as 'Tairiscintí speisialta': “Tairiscint speisialta, inniu amháin!”

Ráiteas bréige a dhéanamh nach mbeidh táirge ar fáil ach ar feadh tréimhse an-teoranta, nó nach mbeidh sé ar fáil ach faoi réir téarmaí áirithe ar feadh tréimhse an-teoranta, chun brú a chur ar an tomhaltóir cinneadh a dhéanamh ar an bpointe. Mar sin, ní bhíonn seans ná dóthain ama ag tomhaltóirí chun cinneadh eolasach a dhéanamh.

More...

 

Duais bhréige a bhuachan

Bréagthuairim a spreagadh go bhfuil duais nó tairbhe choibhéiseach buaite ag an tomhaltóir cheana féin, go mbuafaidh sé/sí iad nó go mbuafaidh sé/sí iad má dhéanfaidh sé/sí beart áirithe chun a leithéid a bhuachan, ach más í an fhírinne nach bhfuil aon duais ná aon tairbhe choibhéiseach eile ar fáil in aon chor. Ina theannta sin, má tá ar an tomhaltóir airgead a íoc nó costas a thabhú chun go nglacfar beart ar bith maidir leis an duais nó an tairbhe choibhéiseach a éileamh.

More...

 

Díol gan iarraidh

Íocaíocht a éileamh as táirgí nach raibh ordaithe ag an tomhaltóir.

More...

 

Díol dígeanta gan iarraidh: “B’fhéidir go ndéanfar conradh ag an tríú glaoch….”

Sirtheoireachtaí gan stad gan staonadh gan iarraidh a dhéanamh ar an bhfón, tríd an bhfacs, trí ríomhphost nó trí mheáin chianda eile chun táirge nó seirbhís a chur chun cinn.

More...

 

Míchomhairle a chur ar thomhaltóirí d'aon toisc maidir le tairiscintí in aisce: “Spéaclaí gréine in aisce” nó "Clingthoin in aisce ar d'fhón póca".

An cur síos seo nó cur síos comhchosúil a dhéanamh ar tháirge mar tháirge atá "gratis", "in aisce", "gan táille" nuair a bhíonn ar an tomhaltóir íoc as aon ní eile seachas an costas dosheachanta a bhaineann le freagra a thabhairt ar an gcleachtas tráchtála, leis an mír a bhailiú nó leis na costais seachadta a íoc.

More...

 

Maímh bhréige faoi rudaí a bhuachan: Conas an crannchur a bhuachan

Maíomh a dhéanamh gur féidir le táirgí cabhrú leat cluichí áidh a bhuachan.

More...

 

Scéimeanna pirimide

Tomhaltóirí a mhealladh chun gníomhú mar earcaitheoirí trí chúiteamh a ghealladh dóibh.

More...

 

Baoite a úsáid chun an dallach dubh a chur ar an tomhaltóir

Táirge atá cosúil le branda aitheanta a chur chun cinn, le míchomhairle a chur ar an tomhaltóir ionas go gcreidfidh sé/sí gurb é an monaróir céanna a rinne é nuair nach é sin an cás.

More...

 

Duaiseanna: "Comhghairdeas! Bhuaigh tú duais"

Trádálaí a mhaíonn go bhfuil comórtas nó duais á tairiscint aige/aici ach nach mbronnann na duaiseanna a ndéantar cur síos orthu nó duais réasúnach chomhionann.

More...

 

Faisnéis bhréige maidir leis an margadh

Trádálaithe a sholáthraíonn faisnéis mhíchruinn faoi tháirge nó faoin áit inar féidir é a fháil, chun an tomhaltóir a mhealladh le rud éigin a cheannach - i ndáiríre, áfach, bheadh an custaiméir ábalta an táirge a fháil áit éigin eile ar phraghas níos fearr nó faoi choinníollacha níos fearr.

More...

 

Maímh bhréige maidir le cumas íceach: "Cabhróidh Trickium 24 leat meáchan a chailleadh"

Maíomh bréige a dhéanamh go bhfuil táirge ábalta galar, mífheidhmiú nó anchuma a leigheas.

More...

 

Foirmeacha ordaithe míthreoracha

Sonrasc nó doiciméad comhchosúil a chur san áireamh in ábhar margaíochta ag iarraidh íocaíochta ionas go gcuirtear an tomhaltóir ag smaoineamh gur ordaigh sé cheana féin an táirge atá á fhógairt nuair nach é sin an cás.

More...

 

Míchomhairle a chur ar thomhaltóirí maidir lena gcearta: “Tairiscint speisialta duitse”

Cearta, atá ráthaithe cheana féin faoi dhlí an AE do gach aon tomhaltóir i ngach uile áit, a chur i láthair mar rud éigin nua nó difriúil atá á thairiscint ag an trádálaí.

More...

 

Margaíocht a bhaineann leas as ábhair imní slándála na dtomhaltóirí:

Leas míchuí a bhaint as ábhar imní maidir le rioscaí slándála “Éileamh a dhéanamh atá míchruinn go bunúsach maidir le nádúr agus raon an riosca do shlándáil phearsanta an tomhaltóra nó a theaghlaigh mura gceannaíonn an tomhaltóir an táirge."

More...

 

Fógraíocht mhealltach

  • Tomhaltóirí a mhealladh leis an bhfógraíocht tharraingteach a bhaineann le praghsanna speisialta nuair a d'fhéadfadh a bheith ar eolas ag an trádálaí nach féidir leis/léi na táirgí sin a thairiscint, nó nach bhfuil ach cúpla ceann de na táirgí sin sa stoc aige/aici a bhfuil an praghas sin orthu.

More...

 

Éilimh árachais: ní fhreagraíonn duine ar bith an fón

Ag iarraidh ar thomhaltóir ar mhaith leis/léi éileamh a chur isteach ar pholasaí árachais doiciméid a chur ar fáil nach bhféadfaí a mheas go réasúnta gur doiciméid iad a bhaineann le bailíocht an éilimh, é sin, nó gan freagra a thabhairt ar chomhfhreagras d’aon ghnó, d’fhonn an tomhaltóir a chur ó na cearta a fheidhmiú atá aige/aici de réir an chonartha.

More...

 

Díol ionsaitheach ó dhoras go doras: "Cinnte, beidh mé ag imeacht chomh luath agus atá an páipéarachas déanta”

Cuairteanna pearsanta ar bhaile an tomhaltóra, gan bogadh má iarrann an tomhaltóir air/uirthi imeacht agus gan filleadh ar ais. 

More...

 

Teanndíol: "Féadfaidh tú imeacht a luaithe atá an páipéarachas críochnaithe”

An tuairim a spreagadh i gcustaiméir nach bhfuil cead aige/aici an t-áitreabh a fhágáil go dtí go mbeidh conradh déanta.

More...